Catagóir an Gheilleagair Shóisialta

Tá Catagóir an Gheilleagair Shóisialta comhdhéanta de chomhaltaí ó Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus ó Ghrúpa na bhFostóirí, a dhéanann ionadaíocht ar chomharchumainn, comhlachais fhrithpháirteacha, fondúireachtaí agus fiontair shóisialta.

Is é is aidhm don chatagóir leasanna an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn agus a chosaint don oiread daoine agus is féidir. Féachann sí le haitheantas a ghnóthú as an rannchuidiú mór a rinne an earnáil le forbairt shoch-eacnamaíoch na hEorpa agus le rath phróiseas lánpháirtíochta na hEorpa. Thairis sin, tá sé léirithe ag Catagóir an Gheilleagair Shóisialta arís agus arís eile a úsáidí atá sí mar ardán trína n‑éascaítear foghlaim idir piaraí, malartú dea-chleachtas agus dlúthchomhar le hinstitiúidí Eorpacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcoitinne. I gcaitheamh na mblianta, spreag Catagóir an Gheilleagair Shóisialta príomhsruthú an gheilleagair shóisialta i dtuairimí CESE agus gníomhaíochtaí eile, mar aon le tús a chur le roinnt staidéar arna gcoimisiúnú ag CESE ar an earnáil.

Is é Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta a chuireann rúnaíocht na catagóire ar fáil.

Downloads

2021 work programme
Activity report of the “Social Economy Category”
Activity report 2019 - Social economy category
Joint declaration