AN tAONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

Ar na garspriocanna is suntasaí i dtaca le lánpháirtiú na hEorpa bhí lainseáil an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus cruthú an euro. I gcás thíortha an limistéir euro, comhcheanglaíonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta beartas aonair airgeadaíochta le freagracht dhíláraithe as tromlach a mbeartas eacnamaíoch, cé go bhfanann straitéisí buiséadacha náisiúnta faoi réir roinnt srianta.

Léirigh an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais idirnáisiúnta a thosaigh in 2008 na srianta struchtúracha agus na bréagnuithe san Aontas sin, rud a chuir le carnadh na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus a d'fhág roinnt Ballstát níos cobhsaí ná a chéile ó thaobh an gheilleagair de. Ó shin i leith, thug an Banc Ceannais Eorpach (BCE) isteach sraith de bhearta beartais airgeadaíochta neamhghnácha, agus thug institiúidí Eorpacha eile agus na Ballstáit faoi thionscnaimh chun Aontas Baincéireachta a thógáil agus chun comhordú eacnamaíoch agus buiséadach a threisiú, go háirithe sa limistéar euro.

Is obair leanúnach é an próiseas athchothromaithe seo. Leanann an plé maidir le beartais mhaicreacnamaíocha agus airgeadaíochta iomchuí, na huirlisí agus na hinstitiúidí a theastaíonn lena gcur chun feidhme, chomh maith le stádas na dtíortha lasmuigh den limistéar euro, leanann an plé sin de bheith an-dian.

CESE agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Creideann CESE nach féidir le hairgeadra aonair a bheith inbhuanaithe ach amháin i gcomhthéacs an fháis láidir, chothroim agus chuimsithigh arna chinntiú ag infheistíocht phoiblí agus phríobháideach ar bhonn méadaitheach, ag cóineasú eacnamaíoch aníos idir tíortha an limistéir euro agus ag iomaíochas foriomlán níos fearr. Ní mór gealltanas eacnamaíoch agus polaitiúil a thabhairt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh má táthar chun na spriocanna sin a bhaint amach. I ndáil leis an méid sin, tá tábhacht thar na bearta le bearta chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú agus a chomhlánú i dtaca le todhchaí an Aontais ina iomláine.