Athrú Digiteach agus an tSochaí Faisnéise

Tá an teicneolaíocht faisnéise ag dul ó neart go neart ar fud an domhain. Má tá, níor baineadh earraíocht go hiomlán fós as cumas na teicneolaíochta seo chun cur leis an bhfás eacnamaíoch, leis an bhfostaíocht agus leis an nuálaíocht agus, thar ní ar bith eile, chun cáilíocht saoil na saoránach san Eoraip a fheabhsú.

Dá bhrí sin, ceann de na príomhthosaíochtaí sa réimse digiteach atá ag an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) is ea an straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a chur chun feidhme agus, lena chois sin, Margadh Aonair Digiteach dea-fheidhmiúil a chruthú.

Ina chuid tuairimí, cuireann CESE in iúl barúlacha na sochaí sibhialta, idir ábhair imní agus dóchais, faoi thionchar na teicneolaíochta faisnéise ar an margadh saothair.

Is díol mór imní an chibearshlándáil freisin: déanann ionsaithe cibearshlándála mórdhíobháil eacnamaíoch lá i ndiaidh lae do ghnólachtaí san Eoraip agus don gheilleagar i gcoitinne, rud a bhaineann an bonn ón muinín a chuireann na saoránaigh agus na gníomhaithe eacnamaíocha sa tsochaí dhigiteach.

Is iad seo na príomhábhair eile a dtugann CESE aghaidh orthu, bíodh sin sna tuairimí a eisíonn sé nó trí na teagmhálacha díreacha a chothaíonn sé le geallsealbhóirí: oideachas sa réimse digiteach; a tharraingtí atá an réimse digiteach do mhná; iarmhairtí na digiteála do dhálaí oibre, inrochtaineacht agus cosaint úsáideoirí, go háirithe leanaí agus daoine faoi mhíchumas.

Déanann Rannóg TEN monatóireacht ar bhonn leanúnach ar an mbearna dhigiteach agus bíonn sí ag obair ar son na rochtana comhionainne do chách: níl aon nasc idirlín fós i líon suntasach de theaghlaigh san Eoraip.